Bhí seachtain ghníomhach againn i mbliana le haghaidh Seachtain na Gaeilge. D’eagraigh na múinteoirí roinnt imeachtaí chun cultúr na Gaeilge a chéiliúradh.  Gan dabht, tá an Ghaeilge beo beathach anseo i bPobalscoil Ghort Inse Guaire.  Ghlac an príomhoide páirt sa tseachtain freisin fiú trí sheanfhocail éagsúla a fhógairt thar an gcallaire do mhuintir na scoile uilig chuile lá. I measc na n-imeachtaí a bhí curtha ar siúl do na daltaí le linn na seachtaine bhí comórtas póstaer, comórtas rabhlóga agus cluiche Kahoot as Gaeilge eagraithe do na ranganna sóiseareacha. Fuair na daltaí sinsearacha deis cúplan tae chomh maith le greim bia milis a fháil agus iad i mbun comhrá as Gaeilge i rith rang Gaeilge amháin le linn na seachtaine. Ar deireadh, cuireadh Tráth na gCeist ar siúl do lucht na hArdteiste uilig.  Ar an iomlán, ba sheachtain rathúil í. Míle buíochas do gach duine a ghlac páirt ann agus comhghairdeas do na buaiteoirí uilig i rith na seachtaine.  Ná déanaigí dearmad gur ‘Beatha Teanga í a labhairt’.